Jeaic & Lúlú
Tá peata madra ag Jeaic. Lúlú an t-ainm atá uirthi. Bíonn Lulú de shíor ag iarraidh a bheith istigh sa teach, agus bíonn Mamaí de shíor á ruaigeadh amach. Mura bhfuil sé sin sách dona, is eolaí beag é Jeaic. Is breá leis a bheith ag meascadh ceimicí agus ag déanamh meaisíní. Tá Mamaí bhocht trína chéile acu!
Tá Jeaic ag foghlaim faoi na sean-Ghaeil ar scoil. Ba bhreá leis a bheith beo thiar san am sin. Déanann sé meaisín ama le taisteal siar in am agus casadh leis an seanlaochra Gaelacha. Tá súil againn go n-oibreoidh an meaisín i gceart!
Tá deoch cheimice nua déanta ag Jeaic — deoch í a dhéanfadh dofheicthe thú. Tugann sé an deoch do Lúlú, agus bíonn Lúlú in ann éalú isteach sa teach gan fhios do Mhamaí. ch nuair a thiteann Mamaí bhocht thar Lúlú ceapann sí go bhfuil púca sa teach!
Tá Lúlú i dtrioblóid. Tá rótvaidhléir mór crosta ag an gcomharsa bhéal dorais, agus tá Lúlú scanraithe roimhe. Ach tá leigheas an scéil ag Jeaic. Má mheascann sé na ceimicí cearta beidh sé in ann deoch speisialta a dhéanamh do Lulú - agus í a dhéanamh mór millteach!
Deir na Gardaí go bhfuil robálaí sa cheantar. Tá Daidí agus Mamaí ag iarraidh fáil réidh le Lúlú, agus madra faire a cheannach ina háit. Ach tá plean níos fearr ag Jeaic. Déanfaidh sé róbat mór a bhéarfaidh ar an robálaí. Ach níl Mamaí agus Daidí róchinnte faoi sin!